Báidín Fheilimí
This is a traditional Irish song which originates in the Gaeltacht region in the north-west of County Donegal, which is usually taught to young children. It is based on the immortalistion of a small boat owned by a man called Feilimí (Phelim) heading to Tory Island.
Tory Island (Toraigh) is an island 14.5 km off the north-west coast of County Donegal in Ireland. Tory is part of the Donegal Gaeltacht and Ulster Irish is the main Irish dialect in use.
(https://songsinirish.com/?song=baidin-fheilimi-lyrics )
Full version:
Báidín Fheilimí d’imigh go Gabhla,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí d’imigh go Gabhla,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Curfá
Báidín bídeach, báidín beosach,
Báidín bóidheach, báidín Fheilimí
Báidín díreach, báidín deontach
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí d’imigh go Toraí,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí d’imigh go Toraí,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Curfá
Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Curfá
Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Iasc ar bord agus Feilimí ann.
Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Éisc ar bord agus Feilimí ann.
Curfá
Oró ‘sé do bheatha abhaile
Lots of information about the background of the song online but it’s Pádraig Pearse’s adaptation that is most famous now. It was often sung by members of the Irish Volunteers during the Easter Rising in 1916.
Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
Dob é ár gcreach thú bheith i ngéibheann,
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
Is tú díolta leis na Gallaibh.
Curfá =
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Curfá
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Curfá
Translation
Chorus:
Oró! You are welcome home!
Oró! You are welcome home!
Oró! You are welcome home!
Now that summer is coming
1. Welcome O woman most afflictive
It was our ruin that you were held capitve,
Our fine land in the possesion of thieves,
And you sold to the foreigners
Chorus
2. Grainne Mhaol is coming over the sea,
Armed warriors along with her as guard,
They are Gaels, not English nor Spanish,
And they will rout the foreigners
Chorus
3. May it please the God of Miracles that we may see,
Although we only live a week after it,
Grainne Mhaol and a thousand warriors,
Dispersing the foreigners
Chorus#
Here is Sinéad O’Connor’s version
Peigín Leitir Móir
Ó, gairim gairim í
agus gairim í mo stór
Míle grá le m’anam í
‘Sí Peigín Leitir Móir.
We often get asked what ‘gairim’ means. In short it means “I acclaim”. Peigín was a newborn baby in the town of Leitir Mhór (Lettermore) and this was a welcoming or praising song for her.
Here are the verses
1. Éirigh suas a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Comhair do chuid bullán
Agus féach a’ bhuil siad ann
2. Tá Bríd agam ’s tá Cáit agam
Sí Peig an bhean is fearr
Pe’r bith fear a gheo bhas í
Nach air a bheas an t-ádh
3. Chuir me scéala siaaar chuici
Go gceannóinn di bád mor
‘S é ’n scéala ’chuir si aniar chugam
Go ndéanfadh leathbhad seoil
4. Tá iascairi na Gaillimhe
Ag teaach anoir le coir
Le solas gealaai gile
Nó go bhfeicidis and tseoid
Níl sé ina Lá
Most people associate the song with Donegal but there are old verisons from the South and Southwest too.
Verses change from version to version, even the chorus does!
The chorus we use is
It’s not day yet
Its still night and no danger of it being morning
It’s not day yet and it won’t be for a while
Sure hasn’t the moon only risen
Our own favourite version is Brian Danny Minnie singing it fadó fadó!
Full lyrics
Níl aon phort dár chuala mé ar phíopa
Tháinig mé i méadaíocht an linbh
Nach raibh liom ar bharr mo mhéar
Isteach i sliabh ‘s ag gabháil ‘na’ bhaile
Refrain
Níl sé ‘na lá, níl go fóill
Níl sé ‘na oíche ná baol ar mhaidin
Níl sé ‘na lá ‘s ní bheidh go fóill
Ná anois ar ball a d’éirigh an ghealach
Seo na gloiní, seo na mugaí
Seo an áit a bhfuil an leann ann
‘S mura bhfuil airgead in do phócaí
Buail an bóthar is gabh ‘na’ bhaile
Chuir mé féin mo lámh in mo phóca
‘S d’iarr mé briseadh coróin mharbh
‘S é d’úirt sí liomsa suí síos go fóill
Is gheobhaidh tú an cárta agus an galún
Éirigh i do shuí, a fhir an toí
Cuir ort do bhríste agus do hata
Go gcoinneochaidh tú ceol leis an fhear chóir
A bheas ag ól anseo go maidin
Ná héirigh i do shuí a fhir an toí
Ná cuir ort do bhríste ná do hata
Ná diabhal deoir a théid in do scóig
Ná ní bheidh mise ag ól anseo go maidin
Tá na caoirigh ins na míntí
‘S tá na huain ag ól an bhainne
Tá mo bhean féin ar fud na tíre
Is nach mithid domh éirí is ghabháil ‘na’ bhaile
[Nach mór an croí a fuair Éamonn Creepy
Síneadh síos le Siubhán Bhacaí
D’éirigh Cathal as an ghríosaí
Is bhí sé ar iarraidh as sin go maidin]
Chuir mé féin mo mhaol chun aonaigh
D’imigh an t-aonach agus an t-eallach
Tiocfaidh cailleach – cailleachaí an toí
Caillfear an dís is a gcuid leanbh
Ar chuala sibhse maith na Maolann
Ná mar a chríochnaíonn sí a cuid bainne
Ochtar dragún gasúr cíocrach
Bunadh an toí is péire cailleach
Dá gcasfaí orm cailín i dtom
Chuirfinn a cloigeann síos le malaí
Chuirfinn taca lena droim
Agus bheinn ag súgradh léi go maidin
Dúlamán
Dúlamán na binne buí
Dúlamán Gaelach
Dúlamán na farraige
‘S é b’fhearr a bhí in Éirinn
Seaweed from the yellow cliff
Irish seaweed
Seaweed from the ocean
The best in all of Ireland
Full song by Altan can be listened to
A iníon mhín ó
Sin anall na fir shúirí
A mháithair mhín ó
Cuir na roithléan go dtí mé
Curfá:
Dúlamán na binne buí
Dúlamán Gaelach
Dúlamán na farraige
‘S é b’fhearr a bhí in Éirinn
Tá cosa dubha dubailte
Ar an dúlamán gaelach
Tá dhá chluais mhaol
Ar an dúlamán gaelach
Rachaimid go Doire
Leis an dúlamán gaelach
Is ceannóimid bróga daora
Ar an dúlamán gaelach
Bróga breaca dubha
Ar an dúlamán gaelach
Tá bearéad agus triús
Ar an dúlamán gaelach
Ó chuir mé scéala chuici
Go gceannóinn cíor dí
‘S é’n scéal a chuir sí chugam
Go raibh a ceann cíortha
Góide a thug na tíre thú?
Arsa an dúlamán gaelach
Ag súirí le do níon,
Arsa an dúlamán maorach
Ó cha bhfaigheann tú mo ‘níon,
Arsa an dúlamán gaelach
Bheul, fuadóidh mé liom í
Arsa an dúlamán maorach
Éireoidh Mé ar Maidin / Amhrán an Phúca
An old song, often updated, is about a person who moves to a new area but the locals are trying to scare them off with stories of a púca (pooka).
Ríona sings the 1st of 7 verses in our book – Lasairfhíona’s full version is beautiful too and can be listened to here:
Ó, éireoidh mé ar maidin
In ainm an Domhnaigh
Is rachaidh mé mo chónaí
Ar chnocánín bán
Ó déanfaidh mé teach ann
Ar leataoibh an bhóthair
I bhfogas don chóngar
Abhus agus thall
(English translation for first verse only
I’ll get up in the morning
In the name of Sunday
And I will take up residence
On a little fair hill
Oh I will build a house there
On the edge of the road
At easy reach
To all places)
San áit a mbeidh agam
Cead bealaigh is bóthair
Caidreamh lucht eolais,
Fear loing agus báid
Beidh scoil ag lucht ealaíon
‘S ag ógánaigh óga
Ar lorg an eolais
Ag teacht ar mo shráid
‘Sé iomrá na gcailleach
Sna seandaoine críonna
A d’fhág mearbhall ar m’intinn
Is néal i mo cheann
A rá go raibh an Púca ann
Ó aimsir na Díleann
Go bhfaca na daoine é,
Ach níl fhios cén t-am
Níorbh é sin a b’ait liomsa
Ag teacht chun an Gheimhridh
Iad a bheith ag déanamh íospairt
Istigh ar mo shráid
Go mbíonn sé ina chat
Is ina mhada san oíche
Is nár thúsice ina Phúca é
Ná ina sheanghearrán bán
Dhá bhfaighinnse capall
Chomh maith leis an bPúca
Bheadh m’anamsa lúfar
Ag imeacht is a’ teacht
Dhá mba thíos i gCeann Gainimh
A thógfadh sé ualach
Ó bheadh sé i gceann leathuair
Ag binn Éamainn Uí Bhriain
Cuirfidh mé sconsa
Le hiomaire an Líonáin
Ní ligfidh mé aníos é
Le fána an Toirc Mhóir
Dhá n-ionsódh sé Caiseal
Trí cheartlár na Maoine
Anonn go tír caorach
Nó anonn don tír ghlas
Ní ligfidh mé tharam
Ar thalamh ná ar thoinn é
‘S beidh aireachas cruinn a’ainn
Roimhe sa ród
Dhá gcastaí le Jeaic é,
Fear maith sa tír seo
Bhainfeadh sé píosa
Dhá leiceann is dhá shrón




